Cumas Béarla
Múintear ranganna do chláir lánaimseartha i mBéarla de ghnáth. Mura Béarla do theanga dhúchais ní mór duit a thaispeáint d’IT Thamhlachta go bhfuil cumas maith labhartha agus scríofa Béarla agat. Cinnteofar leis seo go mbainfidh tú an tairbhe is fearr as an gclár atá roghnaithe agat. Tá roinnt slite chun a thaispeáint go bhfuil Béarla ar do thoil agat:
Má tá staidéar ar an mBéarla déanta agat ar scoil:
Agus foirm iarratais na Lároifige Iontrála á comhlánú agat, cuir fianaise ar fáil go bhfuil staidéar déanta agat ar an mBéarla agus pas faighte agat mar chuid den Teastas Fágála Scoile nó den gclár máithreánach
- Cuir cóip bhunaidh de do theastas scoile nó do theastas máithreánaigh ar fáil.
- Mura bhfuil an teastas i mBéarla caithfidh tú aistriúchán Béarla deimhnithe a chur ar fáil.
Mura bhfuil staidéar ar an mBéarla déanta agat ar scoil:
Tabhair fianaise gur éirigh leat i scrúdú aitheanta i gcumas Béarla. Tá na scrúduithe cumais Bhéarla aitheanta sa liosta i dTábla 1. Má tá scrúdú i gcumas Béarla déanta agat nach bhfuil sa liosta ba chóir duit:
- Leagan bunaidh do theastais nó tras-scríbhinn a chur ar fáil. Ba chóir an cháilíocht a fuair tú, leibhéal na dámhachtana agus an eagraíocht a bhronn í a bheith luaite ar an doiciméad.
- Mura bhfuil an teastas i mBéarla ní mór duit aistriúchán Béarla deimhnithe den teastas nó tras-scríbhinn a chur leis.
Breithneoidh IT Thamhlachta d’fhianaise agus d’fhéadfadh go n-iarrfar ort triail a dhéanamh chun a fháil amach cé chomh maith atá do chumas labhartha agus do chumas scríofa Béarla.
Má tá tuilleadh eolais uait déan teagmháil le:
Gnóthaí Acadúla agus Macléinn
Guth.: +353 1 404 2344
Béarla Ginearálta nó Acadúil |
Teideal na Dámhachtana |
Leibhéal Riachtanach |
|
Acadúil |
IELTS |
International English Language Testing System (Córas Idirnáisiúnta um Thástáil Béarla) |
6 |
Acadúil |
ETAPP |
English Test for Academic and Professional Purposes (Triail Bhéarla chun Críocha Acadúla agus Gairmiúla) |
C1 |
Acadúil |
TOEFL |
Test of English as a Foreign Language (Triail Bhéarla mar Theanga Iasachta) |
PBT 550 ITB 80 CBT 213 |
Acadúil |
Comhairle na Breataine UCLES/IDP |
University of Cambridge Local Examinations Syndicate (Sindeacáit um Scrúduithe Áitiúla Ollscoil Cambridge) |
6 |
Acadúil |
JMB University Entrance test in English (Overseas) (Triail Bhéarla um Iontráil Ollscoile JMB (Thar Lear)) |
Comhbhord Máithreánaigh Ollscoileanna Manchain, Léarphoill, Leeds, Sheffield agus Birmingham |
Pas |
Acadúil |
AEB |
Associated Examining Board (Bord Comhlachtaithe Scrúdaithe) |
C |
Acadúil |
OEB - English as a Foreign Language (Higher Paper) (Triail Bhéarla mar Theanga Iasachta (Ard-pháipéar) |
Oxford Examining Body (Eagraíocht Scrúdaithe Oxford) |
Pas |
Ginearálta |
TIE |
Test of Interactive English (TIE) Ireland (Triail Bhéarla Idirghníomhaigh, Éire) |
C1 |
Ginearálta |
CoE |
Creatlach Chomhairle na hEorpa |
C1 |
|
|
|
|
Ginearálta |
Trinity College (R.A.) |
Trinity College (R.A.) |
10 ISE – Leibhéal III |
Ginearálta |
TOEIC |
Triail Bhéarla do Chumarsáid Idirnáisiúnta |
750 |
Ginearálta |
London Tests of English (Edexcel) (Tástálacha Béarla Londain (Edexcel)) |
Pearson Language Assessment (Measúnú Teanga Pearson) |
Leibhéil 4 |
Ginearálta |
Cambridge ESOL |
|
|
|
CAE |
Certificate in Advanced English (Teastas i mBéarla Ardchéime) |
Grád C |
|
CPE |
Certificate of Proficiency in English (Teastas Cumais Bhéarla) |
Grád C |
Ginearálta |
Pitman UK |
Pitman UK |
Leibhéal 5 (Ardchéim) |
Ginearálta |
ARELS/Oxford UK |
Comhlachas Seirbhísí Béarla Aitheanta |
Ardchéim - Go maith |
Ginearálta |
IT Tallaght EFL (Béarla mar Theanga Iasachta IT Thamhlachta) |
Creidmheas Modúlach (5) |
Pas |