Córas dréimire um dhul chun cinn
Tá an córas dréimire um dhul chun cinn ar cheann de na gnéithe ar leith i bhformhór dár gcuid clár ag IT Thamhlachta. Córas is ea é a chuireann ar chumas an mhicléinn dul chun cinn a dhéanamh ó Ardteastas chuig Céim Bhaitsiléara agus ar aghaidh chuig Céim Bhaitsiléara le hOnóracha.
Glacfar le hiarrthóirí ó IT Thamhlachta atá i seilbh Ardteastais chuig cláir Bhaitsiléara de réir ord fiúntais. Cuirfear in iúl do mhicléinn má tá aon tairseach íosta i gceist. Moltar d’iarrthóirí ó institiúidí eile iarratas a dhéanamh agus déanfar iad a rangú ar an mbealach céanna.
Glacfar le hiarrthóirí ó IT Thamhlachta atá i seilbh Céimeanna Baitsiléara chuig Cláir Chéime Baitsiléara le hOnóracha de réir ord fiúntais. Cuirfear in iúl do mhicléinn má tá aon tairseach íosta i gceist. Moltar d’iarrthóirí ó institiúidí eile iarratas a dhéanamh agus déanfar iad a rangú ar an mbealach céanna.
Ba chóir iarratais ar Chláir Leantacha a dhéanamh chuig an Oifig Iontrála, IT Thamhlachta, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24. Tá tuilleadh sonraí faoin dul chun cinn ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le hOifig an Chláraitheora.