An Taobh Idirnáisiúnta
Cuireann Oifig Idirnáisiúnta IT Thamhlachta fáilte ó chroí roimh ár gcuid comhpháirtithe Idirnáisiúnta ó Nanjing, Shanghai agus Hong Kong sa tSín, ón Indinéis, ó Vítneam, ón Mhalaeisia, ó Cheanada, ón Afraic Theas, ó na Stáit Aontaithe, ón Bhrasaíl agus ón Eoraip.
Táimid ag obair chun am taitneamhach tairbheach a thabhairt do gach macléinn in IT Thamhlachta. Cabhróimid leat socrú síos i saol Bhaile Átha Cliath agus i do chuid staidéir sa choláiste.
I láthair na huaire ní ghlacann IT Thamhlachta le hiarratas díreach ar iontráil chéad bhliana ina cuid cláir fhochéime. Ba chóir do mhicléinn idirnáisiúnta ar mian leo iarratas a dhéanamh ar chláir fhochéime chéad bhliana iarratas a chur isteach go díreach tríd an Lároifig Iontrála - www.cao.ie.
Ba chóir d’iarrthóirí as tíortha lasmuigh den AE ríomhphost a chur chuig international@it-tallaght.ie
Ba chóir d’iarrthóirí iarchéime ríomhphost a chur chuig international@it-tallaght.ie
ERASMUS
Tá comhar forbartha ag an Institiúid le breis is daichead institiúid ardoideachais ar fud na hEorpa.
Tá a lán clár dírithe ar dheiseanna gairmréime sa bhaile ach mar sin féin beidh mórán dár gcéimithe ag tabhairt faoi obair i dtimpeallacht idirnáisiúnta agus is dócha go roghnóidh cuid acu taithí a fháil thar lear. Tá comhar forbartha ag an Institiúid le breis is daichead institiúid agus eagraíocht ardoideachais ar fud na hEorpa. Is féidir bliain thar lear i gceann dár n-institiúidí comhpháirtíochta a chaitheamh mar chuid dhílis de chláir áirithe, is cuma an chun glacadh le deiseanna acadúla nó le socrúchán oibre.
An Oifig Idirnáisiúnta
Déanann an Oifig Idirnáisiúnta a dícheall chun fís agus cáilíocht i dtaobh gníomhaíochtaí idirnáisiúnta na hInstitiúide a spreagadh trí eolas a scaipeadh ar dheiseanna do mhicléinn staidéar a dhéanamh thar lear agus trí comhpháirtíochtaí le hinstitiúidí tionscail, sóisialta, cultúrtha agus oideachais a chur chun cinn lasmuigh den Aontas Eorpach. Cuireann sí tacaíocht ar fáil do mhicléinn idirnáisiúnta ar an gcampas agus féachann sí le dearcadh idirnáisiúnta a fhorbairt i measc macléinn agus ball foirne.
Riarthóir:
Angela Feeney, M.A.,Ard. Diop. Oid., Diop. Céime Aistr.
Comhordaitheoir Erasmus: Tara McKiernan B.A., M. Phil.
Rúnaíocht: Marian Maguire
Guth.: +353 1 4042333
Ríomhphost: InternationalOffice@it-tallaght.ie